Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 269

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 269

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bloscaod Mór
  2. XML Leathanach 269
  3. XML “Domhnall is Diarmuid”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí beirt dearbhráthar in a gcómhnuí i mbaile beag in aonfhacht le na máthair uair. Bhíodar beó bocht agus bhí lá an chíosa ag glaodhach ortha. Dubhairt a mháthair le Dómhnall dul go dtí Gaillimh ag díol ualach coirce. D'imthig sé leis agus ceannuigheadh an t- ualach uaidh. Nuair a bhí san déanta aige do scuir sé an capall taobh amuigh do thig agus thug sé coirce agus deoch dó. Chuaidh sé isteach, agus bhí beirt istig ag imirt chártaí. D'iarradar ar Dhómhnall dul ag imirt leó agus do chuaidh. Buadhadh gach pinginn uaidh. Chuaidh sé abhaile ansan, agus níor mhór an mhaitheas d'á mhuinntir saothar a laé.
    Cuireadh le hualach eile é an dara lá. Thárla an rud ceadhna, ach buadhadh an capall, an chairt, agus an coirce uaidh an turas so. Dubhairt sé leis féin go mb'feárr do gan a aghaidh a thabhairt ar an mbaile in aonchor annsan, agus níor dhein sé ach an bóthar bán a thabhairt air féin.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    Teanga
    Gaeilge