Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 153
- XML “Maidean Aoibhinn Aerach”
- XML “An bhFuil an Coinín Beirithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na ndaoine in aonfacht
Sceimhle is anaithe an laé úd go mbeiridh ortha beó.
Tá an Saoitheach Preisbitéireach is ar imthig riamh ar straé uaidh
Is an Giúdach dubh ná géillfheadh do mhac Dé a theacht riamh fós
Ac tiocfhaid súd le chéile go h-úmhal fé an gCreideamh Gaedhealach
Sin cúig ar chúig tá déanta d'fág Eirinn fé dhubh-bhrón. - Bhí duine bocht saonta cois teineadh uair a's coinín 'á bheirbhiú san oighean aige. Bhí forc i láimh leis. Ní fheadair sé ar domhan caithin a bheadh an coinín beirbhthe.
Bhuail buachaill ó'n mbaile isteach.
"Ariú sáidh an forc innte, a's má théigheann an forc tríthe gan duadh beidh sí beirbhthe," ars an garsún.
"Ab'eadh mhuis," ars an fear eile, "ná raghadh an forc san tríd d'á mbeadh an coinín thiar sa choinigéar."