Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 347

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 347

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bloscaod Mór
  2. XML Leathanach 347
  3. XML “An Réaltán Leanbach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (Ó Sheán Ó Súilleabháin a fuair scolaire scoile é seo. Tá sé timcheall trí fichid bliadhain)
    --
    1.
    Tá réaltan leanbach go hárd leas-tuaidh,
    Tá rós agus finneacht le fághail ina gruadh,
    Tá a croidhe gan cealg agus í 'na suan,
    Agus is binne guth a cinn ná an chláirseach mór.
    2.
    'Sí an réaltan leanbach do grádhas-sa ar dtúis,
    Mar do thug mo chroidhe-se taithneamh di, thar mhná na Múmhan;
    D'á mbeinn-se ins na creathaí-dúbha, agus an bás ós mo chionn,
    A shiúirín ná tréig me agus éalaig liúm.
    3.
    Tá dlaoithe eile aici nár áirimhigheas fós,
    Tá an chneas is deise 'ci ná an t-airgead beó
    Tá beóla is binne aici ná an chuach nó lón
    Ná ag éanlaith dá chruinne d'á gcuirim suim na nglór.
    --
    Tá a thuille annso ach theip orm é d'fághail.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 60