School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bloscaod Mór
- XML Page 196
- XML “Scéal Púcaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Chuala é seo 'á eachtraí ag Gobnait Ní Ghuithín, ó'n mBloscaod Mór. Teasbáineann an scéal rud amháin athárla ins an bParróiste idir na daoine maithe agus lucht comhnuighthe na h áite.Bhí fear fadó ina chómhnuidhe i mBaile'n Fhirtéaraig. Aon lá amháin do chuaidh sí 'on Daingean agus do thuit an lá chun báistighe agus chun tóirnighe. Do chaith sí fanacht sa Daingean go dtí go dtáinig sánas air. Nuair a bhí sé ag teacht abhaile timcheall a haon déag a chlog do chonnaic sé bean sa Mhám. Tháinig an-uaigneas air agus bhain sé as a chosa é go dtí gur shrois sé sruthán agus lean an bhean é. D'imthig sé leis annsan agus níor tháinig sí treasna an t sruthán in aonchor.
Tháinig sé abhaile. D'innis a bhean do go raibh an capall i bpóna Baile Bhoithín.
"Ó mhuise ní fhanfhaidh mo chapaillín se fe'n mbáistig i bpóna Baile Bhoithín," ar seisean.
D'iarr an bhean air fanacht istig agus pé rud dhéanfhadh an capall gan bac leis.
D'imthig sé leis agus nuair a shrois sé an póna bhí an coimeádaidhe ina chodhladh(continues on next page)- Informant
- Gobnait Ní Ghuithín
- Gender
- Female
- Address
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí