Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 211

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 211

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bloscaod Mór
  2. XML Leathanach 211
  3. XML “An Chúis fé ndeara dom féinig”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 'Sí an chúis fé ndeara dom féinig bheith ag fágaint na hÉireann riamh,
    Mo dhritheáirín a d'imthig go Wales uaim ag caitheamh a shéamhadh bliain
    Do scríobhas litir fé shéal fios freagra nó scéala uaidh,
    Is do scríbh sé chúghamsa go heasca a bheith chuige féin go luath.
    II
    Do chuadhas go Corcaig do'n stair sin is do ránguigheas le luing ar neóin,
    Mar a raibh againn cóir Earraig is gaoithe go ndeachamair go poinnte an chuain,
    Bhí tonntracha ag imtheacht d'á ndruim síos is do chnagadh a crainn le cóir
    Agus mise ag cur slán chun mo thíre ná cídhfhead airís go deó.
    III
    San Bhrannaisc a cuireadh i dtír sinn mar fearaibh a bhí ann is mná,
    Is gach aoinne ag cur tuairisc a ndaoine fé mar ghaibhidís tríd an sráid,
    Nuair a scaipeamair féin ó na chéile fé mar scaipfeadh scata éan ar pháirc,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge