School: Seanafarachán (roll number 12646)
- Location:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Seán Mac An Ríogh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Seanafarachán
- XML Page 204
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí fear agus bean ann fadó.”
(continued from previous page)doras a thighe féin. "Agus fainic" ar seisean "a níosaidh tú é go ngabhfaidh tú abhaile". "Ní íosfad" adeir an fear aimsire.
Bhí go maith. Nuair a bhí na cácaí bácáilte chuaidh an feilméar agus a bhean siar sa seomra Rinne sé dhá leith in a lár do'n cháca agus chuir sé naoi nginí iseach [!] in a lár agus dhún sé ar a chéile é. Annsin chuir sé páipéar ar an gcáca seo agus níor chuir sé páipéar ar bith ar an gceann eile igcaoi is go mbeadh an ceann eile le nithe aige. Annsin thug sé trí cómhairlí dhó sul ar imthigh sé uaidh. Dubhairt sé leis gan aon oidhche a chaitheamh idteach a mbeadh sean fhear pósta ag mnaoi óig. Sin é an chéad cómhairle. "An dara cómhairle "é seo ar seisean. "Ar do bhealach abhaile tá aith-ghiorra mór ort agus ná gaibh an t-aithghiorra sin". "Agus an triomhadh comairle" ar seisean "nuair is mó a bhéas fearg ort, tosaigh ag caitheamh do phíopa." "Sin iad na cómhairlí" adeir sé "agus beannacht chugad".
D'imthigh sé leis annsin agus an dá cháca aige agus é go sásta leis féin. Nuair a bhí an oidhche ag tuitim chuaidh sé isteach idteach seanfhir agus d'iarr sé lóisdín na hoidhche air. "Fan" ar seisean "go dtagaidh mo bhean isteac". Faoi cheann tamaill tháinig an bhean isteach Bean an óg a bhí inntí. D'iarr an fear siubhal lóisdín na hoidhche ar an mnaoi óig. Dubhairt sí go dtiubharfadh acht nach raibh ann acht aon leabaidh amháin agus go mbeadh(continues on next page)- Collector
- Máire Seoighe
- Gender
- Female
- Address
- Tamhnaigh an Lín, Co. na Gaillimhe
- Informant
- Tomás Seoighe
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 40
- Address
- Tamhnaigh an Lín, Co. na Gaillimhe