School: Seanafarachán (roll number 12646)

Location:
Seanadh Farracháin, Co. Galway
Teacher:
Seán Mac An Ríogh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 110

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 110

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Seanafarachán
  2. XML Page 110
  3. XML “Mánas (Mághnus)”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí lanamhan ann fadó agus bhí siad ag déanamh slighe bheatha as stocaí agus uibheacha. Nuair bhí siad ag eirighe in aois chuir siad an mac dá ndíol, agus ní raibh ann acht ceann dós? na ceithre cinn móra. Chuir a mháthair ag díol stocaí é lá agus dubhairt sí leis an pinghinn ab aoirde ar an margadh d'fághail.
    D'imthigh Mághnus leis agus d'iarr sé an pinginn ab'aoirde ar an aonach. Chaith fear suas pinginn san aer. “Ní hin í an pinginn is aoirde” arsa Mághnus. Chuaidh sé chuig fear eile. Chaith sé suas pinghinn. Sin é an pinginn is aoirde ar an aonach arsa Mághnus. Thug sé dhó na stocaí agus siud abhaile é agus an pinghinn aige. Thug a mháthair a sgiorta dhó ag imtheacht dó. Bhí sé ag báistig agus chonnaic sé cloch ar taobh an bhóthair. Bhí truagh aige do'n chloch agus sgar sé uirthi é. Nuair a bhí sé ag teacht ní raibh an sgiorta le fághail. Thosuigh sé ag cartú faoi an gcloich agus fuair sé pota óir. Líon sé a phócaí agus d'fág sé an méid eile. Tháinig sé agus shín sé an pinginn chuig a mháthair. Sin é an pinghinn is aoirde ar an aonach adeir sé. Thosuigh an mháthair a rádh go raibh sí sgriosta aige. Chaith sé píosa óir amach ar an mbord. “Cá bhfuair tú é sin ” ar sise. D'innis Mághnus gach rud faoi. Anois caithfidh tú pósadh ars an mháthair. Fuair sí baraille portar agus trí mhálaí plúir. Chuir sí gé ag bruith agus d'imthigh sí ar thóir an tsagairt. Ní raibh fhios ag Mághnus cén chaoí a bhainfeadh sé an corca as an mbaraille. Leag sé ar an mbord é. Bhuail sé buille de'n ord air agus bhain sé clár as. Sgap an tól ar fuaid an urláir. Sgaoil sé mála plúir san ól le haghaidh é thiormadh agus thosuigh sé dá mheasgadh len a shluasaid. Chuir sé síos sa bpota é agus bhí go leór cácaí aige. Thóg sé an gé agus d'ith sé í. Sháith sé an gé a bhí ar gor thíos sa bpota indir corp agus chirt. Tháinig a mháthair faoi ceann sgathamh agus an sagart. Cá bhfuil tú a Mhághnuis. “Glúg glóg, a mháithrín, tá Mághnus ar na huibheacha”. “Eirigh a ghaduidhe agus cuir ort. Phós an sagart iad agus d'imthigh sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Maighread Breathnach
    Gender
    Female
    Age
    1398227