School: Seanafarachán (roll number 12646)

Location:
Seanadh Farracháin, Co. Galway
Teacher:
Seán Mac An Ríogh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 130

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 130

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Seanafarachán
  2. XML Page 130
  3. XML “An Maor agus an Máistir”
  4. XML “Seanfhocail”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Maor agus an Máighistír
    -----------------------
    Bhí maor agus máighistir ann fadó agus bhíodar an dhian mhór le chéile agus bhí an mheas ag aon-cheann aca ar an gceann eile. Acht thosuigh an maor ag fághail an tsaidhbhir agus níor thaithnigh sé leis an máighistir. Dubhairt sé leis féin annsin go mbearr dó fógra d'fághail agus a chuir amach. Thug sé an notice seacht lá annsin dó len'a chuir amach agus ní (dheachaidh) rachadh sé amach dhó. Thug sé 'na cúirte é agus fuair sé cuireadh amach ón dlighe air.
    Annsin tháinig sé chuige fé cheann laetheannta. Nuair bhí an bheirt chómh mór le céile san am a d'imthigh agus nuair bhíodar ag cainnt dubhairt an máighistir go bhfágfadh sé aige héin cén dara lá den tseachtmhain thóghróchadh sé le athru. “Ní ceart” ars an maor “imtheacht dhéanamh Luain, Máirt no Céadaoin. Is minic leis an Diardaoin bheith fliuch. Tá an Aoine gul do'n Phápa agus an Sathairn ag dul go Muire Mháthair. Tá's agat héin, a mhaighistir, nach lá ar bith an Domhnach le n-athrú. Níor corruigheadh é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.