School: Seanafarachán (roll number 12646)
- Location:
- Seanadh Farracháin, Co. Galway
- Teacher: Seán Mac An Ríogh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Seanafarachán
- XML Page 203
- XML “An Bás”
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)i mála aige do féin?" "Cá bhfuil sé?" adeir an fear. "Tá sé caillte taobh amuigh ins an gáidín [!]" adeir an comharsa. Léim an fear as a leabaidh le háthas. "Sin é deichneabhar daoiní caillté sa teach". Chuir sé air a chuid éadaigh agus bhí sé chómh maith uaidh sin amach is bhí sé ariamh roimhe.
(no title)
“Bhí fear agus bean ann fadó.”
Bhí fear agus bean ann fadó. Bhíodar pósta agus bhí triúr mac aca. Nuair a bhí an clann mór d'imthigh an t-athair go Sasana ag saothrú a bheathadh. Chuaidh sé chuig feilméara ag obair agus dubhairt an feilméar go gcaithfeadh sé fanacht naoi mbliadhna ag obair leis. Dubhairt an fear go bhfanfadh sé.
Nuair a bhí na naoí mhblianta thuas dubhairt sé go rachadh sé abhaile ag breathnú ar a mnaoi mar níor sgríobh sé aon litir chuca ón lá a d'imthigh sé. Annsin an lá sul ar imthigh sé dubhairt an fheilméar le'n a mhnaoi dhá cháca a dhéanamh - ceann le nithe ag dul abhaile dhó agus an ceann eile a choingbheál go ngabhfadh sé isteach(continues on next page)- Collector
- Máire Seoighe
- Gender
- Female
- Address
- Tamhnaigh an Lín, Co. Galway
- Informant
- Tomás Seoighe
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 40
- Address
- Tamhnaigh an Lín, Co. Galway