School: Seanafarachán (roll number 12646)
- Location:
- Seanadh Farracháin, Co. Galway
- Teacher: Seán Mac An Ríogh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Seanafarachán
- XML Page 232
- XML “An tAmadán Cliste”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Na hAmadáin Cliste.
Bhí beirt driothár ann fadó agus bhí chómhnaidhe ortha in aoinfheacht len a máthair i mbothán beag i gConnamara. Dubhraidís lá amháin go rachaidís ag saothrú beagán airgid dóibh féin. Tógadh gan fóghluim iad agus nuair a bhíodar ag imtheacht thug a mháthair trí focail Béarla do Mhichil mar ba Micheál agus Seán na hanmneacha a bhí ortha. Dá bhfiafruighthe díobh cérbh as iad déarfaidís "Two Connemara Men". Cá rabhadar ag dul? For a purse of money agus allrigh.
As leo annsin agus nuair do shroicheadar Beárna casadh fear marbh ar an mbóthar leó. Ní raibh ionnta acht dá phleidhce agus bhíodar dá shacruigheadh agus dá láimhseál ariamh nó go dtáinic na gárdaí ortha. Labhair an Sáirsint leo. "Who killed the man" ar seisean. "Two Connemara men" adeir Micheal. "why so" ar seisean. "For a purse of money" arsa Micheál. "You'll be shot so" adeir an Sáirsín. "All right" adeir Micheál. Chroc na pílears leo iad go dtí an bearraic. Tar éis cúirt a chuir ortha friothadh amach nach raibh siad cionntach. Fuaireadar punnt annsin mar luach saothar ar an am a coingbhigheadh istigh iad.
Chuaidh siad ar aimsear annsan ag ministéara agus chuir sé ag sábhailt féir iad. Go deimhin ní raibh aon Ghaidhealg ag an ministéar. Ba é Micheál a bhí ag baint leis an speil agus Seán ag craitheadh in a dhiaidh agus d'á thiormughadh. Ba cocaí a rinne siad dén bh'féar acht lá amháin tháinig an ministéara agus adubhairt(continues on next page)- Collector
- Siubhán Breathnach
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- Cnoc na Fuaiche, Co. Galway
- Informant
- Pádraic Breathnach
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Male