Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)

Suíomh:
Seanadh Farracháin, Co. Galway
Múinteoir:
Seán Mac An Ríogh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 201

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 201

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Seanafarachán
  2. XML Leathanach 201
  3. XML “Gaiscíoch na Míoltóg”
  4. XML “An Bás”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Bás.
    Bhí fear agus bean ann fadó agus bhí deichneabhar clainne aca acht buaileadh go dona beirt aca leis an bhfiabhras is cailleadh iad. Bhíodar ag fághail bháis ó dhuine go duine go raibh siad caillte uilig. Níor b'fada réis an chlann bás d'faghail, gur buaileadh an bhean go dona í féin leis an rud céadna agus sa deireadh cailleadh í agus ní raibh fágtha annsin acht an fear
    Bhí siopa beag aca dóibh féin. "Go bhfóraidh Dia ormsa" a deir an fear "Ní fios cé'n tam a bhuailfear mé féin go dona. Bhí comharsa ar an tsráid céadna leis agus dubhairt sé leis an comharsain teacht chuige uair ar bith nach bhfeicfead sé é in a shuidhe. "Buail ar an doras" adeir sé "agus muna nairighidh ní mise in mo shuidhe béidh sé éascaidh an doras a fhoscailt mar ní bhéidh aon ghlas air".
    "Tá go maith" arsa [?] an cómharsa, agus chuaidh sé abhaile. An lá in a dhiaidh sín tháinig sé chuig an doras iadhta agus chuaidh sé isteach sa teach. Chuaidh sé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. people
        1. robbers (~423)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Breathnach
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Tamhnaigh an Lín, Co. Galway
    Faisnéiseoir
    Tomás Breathnach
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Seoladh
    Tamhnaigh an Lín, Co. Galway