School: Seanafarachán (roll number 12646)
- Location:
- Seanadh Farracháin, Co. Galway
- Teacher: Seán Mac An Ríogh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Seanafarachán
- XML Page 219
- XML “An tAmadán Mór”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- lth 219 An tAmadán Mór
Bhí buachaill ann uair amháin agus amadán a bhí ann.Bhí sé lá amháin ag dul trí choill agus chonaic sé éan beag deas thuas i gcrann."Ó " a deir sé "nach é sin an t-éan beag áluinn -Dá mmbeadh gunna agam chaithfinn é". Leis sin a rádh tháinig fear beag bídeach chuige.Dubhairt an fearín leis go raibh sé sásta trí bhuadha a thabhairt dhó ar thug sé cead dó féin na trí bhuadha a phiocadh.
Siad na trí bhuadha a thóg sé gunna a bheith aige agus rud ar bith a chuirfeadh sé leis go marbhódh sé é.An dara ceann an t-éan a bhíodh thuas sa chrann a mharbhadh agus an chéad duine a casfaidh dhó go dtiubhradh se tríchéad punnt air agus an tríomhadh ceann feadóg draoideachta a fhágail a chasfadh puirt go dtosóchadh gach duine a bhí sa láthair ag damhsadh.
Fuair sé iad agus mharbhuigh sé an t-éan agus d'iarr an t-amadán trí chéad punnt air ar an gcéad daoine a chasadh leis.Thug sé an t-éan dó acht ní raibh an fear sásta pingin ar bith a thabhairt dhó.Indach a bhí sa (bh)fear seo. Annsin thosuigh an t-amadán ag casadh puirt agus thosuigh an t-Indach ag damhsadh ar a mhíle dhithchiall(dícheall) ,Annsin d'iarr an t-Iindach ar stopadh ar son Dé agus stop nuair nuair a thug an t-Indach an trí chéad punnt dhó.Annsin d'imigh an tIndach a bhealach féin agus an t-amadán a bhealach féin.
D'inis an tIndach don dlighe go(continues on next page)- Collector
- Sorcha Seoighe
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Seanadh Farracháin, Co. Galway