School: Seanafarachán (roll number 12646)

Location:
Seanadh Farracháin, Co. Galway
Teacher:
Seán Mac An Ríogh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 115

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 115

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Seanafarachán
  2. XML Page 115
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí fear ann fadó agus sé an t-ainm a bhí air Fionn.

    Bhí fear ann fadó agus sé an t-ainm a bhí air Fionn. Bhí Fionn an-tsean agus ba mhaith leis bheith óg. Mar sin chuaidh sé ar fuaid na tire agus dubhairt sé len'a chuid saighdiúirí teacht leis go dtí Tír na nÓg. Chuadar leis agus bhíodar ag imtheacht leobhtha go dhtí gur casadh sean-fhear ar leath-thaoibh droichid dóibh.
    Nach bocht an áit í arsa Fionn gan teach amháin leis an oidhche a leigint thairn. Má thagann sibh liomsa tiubhraidh mé lóisdín na h-oidhche díbh, tá teach beag taobh thíos den droichid annseo agam. Cheap Fionn nach bhfeadfadh leath d'á cuid saighdiúirí dul isteach ins an teach beag seo, acht dá mbead oiread agus oiread eile ann d'féadfad siad dul isteach ann.
    Annsin d'fan Fionn agus a chuid saighdiúirí trí oidhche ins an dteach seo. An triomhadh oidhche d'fiafruigh an sean-fear de Fhionn cé an chaoi ar chaith sé an trí oidhche. “Bhail” arsa Fionn “an chéad oidhche nuair a bhí mé mo chodhladh tháinig bean maith go leór deas chugam isteach agus ní dhubhairt mé dadai léithe agus chuaidh sí amach arís. An dara oidhche tháinig bean áluinn deas isteach chugam agus shíl mé breith ortha agus chinn sé orm, agus an treas oidhche tháinig an bhean is grándha d'á bhfaca duine riamh agus níor bhac mé leithe agus d'imthigh sí (amach arís) leithe amach”. Annsin d'innis Fionn do'n sean-fhear cá raibh siad ag dul.
    “O” arsa an sean-fhear “tá sé chómh maith agaibh dul abhaile nuair nár rug tú ar an dara bhean. Dá mbeirthea ar an dara mnaoi bheadh an óige agat arís” An triomhadh oidhche nuair bhí siad ag ithe an suipéar bhí rotha ceangailti shuas i gceann an tighe agus bhris sé an ceangal a bhí air agus tháinig sé anuas agus sgeann sé an bord agus bhris sé cuid de na soithigh. Annsin dubhairt Fionn le ceann d'á cuid saighdiúirí eirigh agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Language
    Irish
    Collector
    Maighréad Ní Bhurca
    Gender
    Female
    Address
    Seanadh Farracháin, Co. Galway