School: Seanafarachán (roll number 12646)
- Location:
- Seanadh Farracháin, Co. Galway
- Teacher: Seán Mac An Ríogh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Seanafarachán
- XML Page 146
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 146
Tomhaiseanna
1.Cé mhéid cos ar ucht muilt Freagra : Dhá chos
2. Istigh sa ló agus amuigh san oídhche Freagra: lúb an dorais
3.Rud nach bhfuil is nach mbeidh go deo sín amach do lámh is feicfidh tú é
Freagra : Do chúig méire nach fada le chéile
4.Thit rud le aill is níor briseadh aon easna ann Freagra: Seilmide
5.Siúd sa gclúid é agus dhá chéad súil air Freagra : Pota an Bhrutha
6.Cé hé an chuid is airde do'n bhó Freagra : A géim
7.Thiubhradh snáithe síoda suas é is ní thiubhradh rópa cnáibe anuas é
Freagra :Deatach
8.Cé fath a bpiocann an chearc an pota Freagra: Mar níl sí indhan é a luigheachan
9.Cé mhéid gob a mbuaileann an chearc sul a mbíonn sí faoi réidh
Freagra : Aon ghob amháin.
10.Droichead ar an loch gan maide ná cloch Freagra: leac oidhre(continues on next page)- Collector
- Máighréad Ní Bhúrca
- Gender
- Female
- Age
- 15