School: Seanafarachán (roll number 12646)
- Location:
- Seanadh Farracháin, Co. Galway
- Teacher: Seán Mac An Ríogh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Seanafarachán
- XML Page 145
- XML “An Driotháir Bocht agus an Driotháir Saibhir”
- XML “Seanfhocail”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)rith sé i mo dhiaidh agus rith mé suas i gcrann uaidh agus chuir sé air dul suas. Céard a rinne sé acht thosuigh ag gearradh an chrainn. Bhí sé gar do ghearradh aige nuair a ghlaodh an choilleach deireadh oidhche. Annsin d' imthigh an beithidheach fiadáin agus tháinig mé féin anuas do'n chrann.
Annsin d' imthigh siad leobtha abhaile agus nuair a bhí siad ag sgaramhaint ó na chéile dubhairt an sagart gur ceart déirce a thabhairt do'n duine bocht i gcómhnuidhe. - Sean fhocail Ní hé lá na gaoithe lá na scolb.
Briseann an dúthchais tré shúilibh an chait.
Is giorra cabhair Dé ná an doras.
B'fhearr leath ná meath.
Is maith an sgéalaidhe an aimsear.
Nuair bhíonn an cat amuigh bíonn an luch a' rinnce.
Misneach maith leath an troda.
Ní leat féin a bhfeiceann tú.
Is minic éan mall sona.
Is fusa rud a rádh ná a dhéanamh.
Is iomdha lúbh a bhaintear as a gcáilidheacht.
Caitheann an óige an aicíde.