School: Seanafarachán (roll number 12646)

Location:
Seanadh Farracháin, Co. Galway
Teacher:
Seán Mac An Ríogh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 217

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 217

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Seanafarachán
  2. XML Page 217
  3. XML “An tAmadán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An tAmadán.
    Bhí buachaill ann fadó dár b'ainm Tomás. Bhí sé in a chómhnuidhe len a mhátair agus amadán a bhí ann. Chuir a mháthair chuig an aonaí é agus píosa bréidín len a dhíol. Ní fhuair sé aon cheannach dó an lá sin agus thosuigh sé ag tarraingt ar an bhaile nuair nach bhfuair sé aon cheannacht dhó. Ar a' mbealach abhaile dhó thosuigh an lá ag báistighe agus luigh sé fé bhun chrainn chun an bháisteach a leigint thairis.
    Fé cheann sgathaimh thosuigh an crann ag silt. Shíl sé gur ag caoineadh a bhí sé agus sgar sé an brídín air. D'imthigh sé abhaile. Nuair a tháinig sé abhaile bhí a mháthair ag troid leis nuair nach dtug sé abhaile leis é. Annsin dubhairt sé go rachadh sé ar thóir an bhréidín go dtí an crann.
    Dimthigh sé leis nó go dtáinig sé chómh fada leis an gcrann acht amharc ní raibh le fághail ar an mbréidín. Thosuigh sé ag bualadh an chrainn nó go raibh sé sgeanta go dtí na rútaí. Chonnaic sé píosaí deasa buidhe ag lonnradh ann. Ní raibh fhios aige ó Dhia anuas céard a bhí ann. Rith sé abhaile agus d'innis sé d'á mháthair go raibh siad ann. Bhí fhios ag a mháthair go maith céard a bhí ann.
    D'imthigh siad leo go dtí an crann agus céard a bheadh ann rómpa acht gaduidhe agus é ag piocadh óir. Thugadar leo abhaile an gaduidhe agus an t-ór agus chuir an mháthair an t-ór i bhfolach i ngan fhios
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1600: The Fool as Murderer
    Language
    Irish
    Collector
    Pádhraic Seoighe
    Gender
    Male
    Age
    8
    Address
    Seanadh Farracháin, Co. Galway
    Informant
    Pádraic Seoighe
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    54
    Address
    Seanadh Farracháin, Co. Galway