School: Seanafarachán (roll number 12646)

Location:
Seanadh Farracháin, Co. Galway
Teacher:
Seán Mac An Ríogh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 166

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 166

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Seanafarachán
  2. XML Page 166
  3. XML “An Chaoi a bhFuair an Seantincéir a Bhean”
  4. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Chaoi A Fuair an Sean Tinncéar a Bhean
    Bhí sé lá amháin ar an aonach agus chonnaic sé bean ar an tsráid. "Sead " ar seisean leis féin " is rí dheas an bhean í sin, ba mhaith liom go mbeadh sí agam".
    Lá ar na bhárach chómh luath agus d'éirigh sé, ghléas sé é féin agus d'imthigh leis ag tóraidheacht tighe na mná seo. An chéad teach a tháinig sé isteach ann sin é an áit a raibh sí.
    Bhí sí ag dul ar fuaid a' tighe ag feisteadh an tighe nuair a tháinig sé isteach "Bail ó Dhia ort" ar seisean "An mbeitheá sásta mé a phósadh". "Bheadh" ar sise "ach aon rud amháin caithfidh tú airgead an phósta d'íoc." "Tá sin sáthach ceart" adeir sé. Rinnead an margadh agus pósadh an bheirt agus tháinig siad abhaile.
    Agus sin é an chaoi a bhfuair sé a bhean nuair nach raibh aon duine istigh ag breathnú air.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. riddles (~7,209)
    2. activities
      1. social activities (~7)
        1. rites of passage (~573)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Cúinin
    Gender
    Male
  2. (no title)

    Céard iad na trí súilí is géire amuigh

    Céard iad na trí súilí is géire amuigh Freagra: Súil fiolar i mbeann,súil gadhair i ngleann agus súil óigbhean in diaidh a stórach.
    Céard iad na trí rudaí is fuaire amuigh. Freagra :Srón mhadaidh, tón caillighe agus deór aille.
    Céard iad na trí droch nósa .Freagra: Ag ól a' g(h)loine, ag caitheamh a phíopa 's ag siubhal na drúchta le com na hoidhche
    Máirtín Ó Coidhin, Seanafearachan
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.