School: Seanafarachán (roll number 12646)

Location:
Seanadh Farracháin, Co. Galway
Teacher:
Seán Mac An Ríogh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 134

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 134

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Seanafarachán
  2. XML Page 134
  3. XML “An Snámhadóir Cliste”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear bocht in a chómhnaidhe i Rosmuc uair amháin agus bhí a bhean agus go leór cloinne in a gcómhnuidhe sa teach leis. Bhí sé go han bocht agus ní raibh sé éasguidh aighe airgead d'fhághail le beatha a cheannacht dóibh uilig. Faoi dheire nuair a bhí an saoghal ag dul ró chruaidh air, dubhairt sé len a bhean go gcaithfeadh sé dul in áit éigin len a bheatha a saothrú. Níor chuir sise dada in a aghaidh mar níor fhead sí aon mhilleán thabhairt dhó acht go ndubhairt sí go mbeadh uaigneas uirthí uilig nuair a d'imtheóchadh sé, agus dubhairt seisean nach ndéanfadh an t-uaigneas aon mhaith do dhuine ar bith.
    Bhí go maith. Chuaidh sé ó dhuine go duine aca ag cruinniú airgid len a thabhairt go Meiriocá. Ní raibh aoinne ar an mbaile nach dtug beagán dhó go mór mór a mhuinntir féin. Chuaidh sé go Gaillimh annsin agus rinne sé an-mhór leis na mairnéalaibh agus thug sé ól dóibh. Nuair a bhíodar ag braith dul ar bhád ní raibh a shaith airgidh bealaigh aige acht dubhairt na mairnéalaigh go ndéanaidís a ndíthcheall chun é a thabhairt leo agus rinneadar plan maith amach chun é sin a déanamh.
    Dubhradar leis go gcuirfidís róipín thart timcheall a choim agus go gceanglóchaidís do'n bhád é agus é féin a sgaoileadh amach ina dhiaidh. Chuaidheadar uilig ar bhád an fear seo in a ndiaidh agus bhí corr shúil aca go léir air. Ghlaodhadar amach do'n chaiptín go raibh fear in dhiaidh an bháid, nuair bhíodar teannta amach sa bhfairrge agus d'orduigh an caiptín dóibh é thógáil sa mbád agus rinneadar amhlaidh. Cheistnigh an caiptín é annsin. D'iarr sé de tuige a raibh sé ag snámh in dhiaidh an bháid. “Bhí an bád imthighthe nuair
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Seóighe
    Gender
    Female
    Address
    Tamhnaigh an Lín, Co. Galway