School: Seanafarachán (roll number 12646)

Location:
Seanadh Farracháin, Co. Galway
Teacher:
Seán Mac An Ríogh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 105

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 105

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Seanafarachán
  2. XML Page 105
  3. XML “Na Seachtar Mac”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear agus bean ann fadó agus ní raibh aon chlann aca. Bhíodar i gcómhnuidhe ag súil le mac. Lá amháin chuaidh an bhean ar thóir canna uisge agus bhí breac san tobar is thóg sí é. Bhí sé sgriobhtha ar a thaobh le litreacha ba bhuidhte ná ór go mbeadh mac aici. Faoi cheann tamaill bhí mach aca agus bhí sé mar sin go raibh seachtar aca. Camán Luathaidh a bhí ar an mac a b'óige. Annsin ní raibh siad i ndon biadh a thabhairt dóibh agus dubhairt an bhean go gcaithfí díg lagad a chur ortha. Dubhairt an t-athair go raibh siad sathach fada ag fanacht leo agus nach raibh sé fein ag dul ag déanamh tada leó. Lá amháin dubhairt an mháthair go raibh stráinséiri ag teacht chuig an teach agus go gcaithfidís dul amach ins an scioból. Dubhairt sí leo an Camán Luathad a thabhairt leó agus thug. Chuir sé cith luatad ar fuaid a' tighe. Níor labhair sé aon focal ariamh. Nuair a fuair a máthair ins an scioból iad chuir sí glas air. “Bhfuil fhios agaibh anois a bhuachaillí céard tá ár máthair a dhéanamh? Ag cuir teine faoin scioból agus b'fearr dúinn imtheacht”. D'éaluigh ceann den chloinn amach tré bhárr an tighe agus bhí an mháthair ag cur teineadh ar an sluasaid. “Imthigidh a bhuachaillí, is gearr go mbéidh an sgioból tré lasadh” ar seisean. D'eirigh siad agus d'imthigheadar. Bhíodar ag imtheacht is ag imtheacht gur shroich siad seacht mbóthar ag Béal Átha na Sluagh agus chuaidh gach aoinne a bhealach féin. D'imthigh Camán Luathad agus a chapall aige Casadh fear leis agus d'fiafruigh sé dhe cá raibh sé ag dul. “Tóraidheacht aimsire” ar seisean. “Tusa atá uaim” ars an fear. “Agus anois” adeir sé “Fan sa teach sin thall anocht agus tiubharfaidh mé cúig punt dhuit. Thug an fear gunna agus piostal agus páipéar nuaidheachta dhó agus d'imthigh sé leis. Timcheall meadhon-oidhche chuala sé torann agus tháinig cónra isteach ar an mbord chuige agus fear istigh ann. D'iarr sé túaille agus galaoireach agus rásúr. Thug Camán Luathadh sin dhó. Beárr sé é féin annsin agus d'fiafruigh sé de an raibh faitchios air. Dubhairt Camán nach raibh fear maith ar seisean agus d'imthigh leis. Tháinigg an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    Language
    Irish
    Collector
    Mairéad Breathnach
    Gender
    Female
    Address
    Cnoc na Fuaiche, Co. Galway