School: Seanafarachán (roll number 12646)

Location:
Seanadh Farracháin, Co. Galway
Teacher:
Seán Mac An Ríogh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 131

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 131

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Seanafarachán
  2. XML Page 131
  3. XML “Pislín agus Straoillín”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí lánamhan ann uair amháin agus 'Pislín' a tugtaoi ar an bhfear agus 'Stroíllin' ar a bhean agus níor bréag sin a thabhairt uirthí mar gur óinseach mhór a bhí innte. Bhí gáirdín breagh cabáiste aca agus ní raibh aca de beithidhigh acht aon bhó amháin. Chuimhnigh sé lá amháin go mbfearr dó an bhó a mharbhú chun bruth leis an gcabáiste agus é do leasadh. Bhí go maith. Mharbhuigh sé an bhó agus chuir sé salann uirthí.
    Lá a bhí sé ag imtheacht ó bhaile dubhairt sé len a bhean béile maith fatai a bheith roimhe mar go mbeadh ocras air agus an cabáiste a bheith leasuighthe go maith aici leis an mairtfheóil. Níor thuig Stroíllín aon sgéal i gceart riamh agus níor thuig sí an ceann seo i gceart acht an oiread.
    Nuair a bhí a fear imthighthe tamall fuair sí a sgian agus ghearr sí an feól in a phíosai beaga go dtí nach raibh fágtha sa soitheach acht cúpla píosaí feóla. Thug sí léithe na píosaí beaga annsin agus chuir píosa amháin le gach crann cabáiste a bhí sa gháirdín.
    Nuair a d'fill a fear tráthnóna connaic sé madrai an bhaile ag dul isteach agus amach sa ngáirdín agus chuaidh sé féin isteach sa ngáirdín go bhfeiceadh sé céard a bhí bun ós cionn ann. Nuair a chuaidh sé isteach an geata “In ainm De” ar seisean agus coisrigh sé é féin.” Tar éis tamaill thuig sé an sgéal agus níor fhéad sé aon phíosa de a fhaghail mar go raibh sé gar do bheith imthighthe ag na madraibh agus an méid nach raibh bhí sé salach le creafóig. Nuair a chuaidh sé isteach chuig a bhean chuaidh sé san áit a raibh an fheóil agus nuair chonnaic sé nac raibh fágtha ar thóin an tsoithigh acht cúpla píosa d'iarr sé dí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1386: Meat as Food for Cabbage
    AT1653: The Robbers under the Tree
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Seóighe
    Gender
    Female
    Address
    Tamhnaigh an Lín, Co. Galway
    Informant
    Pádraig Seóige
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    c. 50
    Address
    Tamhnaigh an Lín, Co. Galway