School: Seanafarachán (roll number 12646)

Location:
Seanadh Farracháin, Co. Galway
Teacher:
Seán Mac An Ríogh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 109

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 109

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Seanafarachán
  2. XML Page 109
  3. XML “Fear na mBréag agus Fear na Fírinne”
  4. XML “Seanfhocail”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    nach naithnigheann tú mé, a driotháirín dhíl?” “Aithnuighim do glór acht nó sí do cholann.” D'fiafruigh sé de cén chaoi a bhfuair sé amharc á shúl arais. D'innis firín na fírinne dhó. “Bain na súili asamsa agus caith sa gcill mé arsa firín na mbréag. Bhain sé na súili as agus chaith sé sa gcill é. Timcheall meadhon-oidhche tháinig na cait. D'aduigh siad teine agus thosuigh an seanchas mar a thosuigh an oidhche roimhe. “Innis sgéal a shomh, innis sgéal a mhemh, innis sgéal a rí na gcat arsa an bhannrioghan. “D'innseóchainn féin sgéal ars an pisín glas acht bhí duine eigín ag éisteacht aréir. Tá inghin an ríogh leigheasta agus firín na fírinne. Tóraigh an choill ars an bhannrioghan sluagh faoi talamh agus sluagh ós cionn talaimh. Fuair siad firín na mbréag agus stróic siad óna chéile é. Sin é cruthuighadh gur chinn an fhírinne ar an mbréag.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Sé an duine é an t-éadach.
    Tuigeann fear léighinn leath-fhocal.
    An té nach bhfuil láidir, ní fuláir dó bheith glic.
    Éist le fuaim na habhann agus gheobhair breac.
    Is mairg nach ndéanann duine machtnamh maith sul a ndéanfaidh sé rud ar bith nach féidir a leigheas.
    Is fearr an t-ádh ná eirighe go moch.
    Is fearr grádh ná faitchios.
    Nuair is cruaidh do'n chaillighe, caithfidh sí rith.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. proverbs (~4,377)
    Language
    Irish
    Collector
    Máirtín Ó Cadhain
    Gender
    Male
    Address
    Seanadh Farracháin, Co. Galway