Ceist.
Tugadh biadh chuig triúr ar bhruach Locha Léin. D'ith [?] an triúr agus d'imigh sé fhéin.
Freagra.
Iolrach a thug cat mar bhiadh ag a cinn óga, d'ith an cat na h-iolruigh óga agus d'imthigh sé l[?]
Ceist.
Cailleadh a athair is phós sé a mháthair agus ní dhearna aon pheacadh.
Freagra.
Sagart a phós a mháthair le fear eile.
Ceist.
Chuaidh dhá réag ag ól. Níor óladar acht sgilling. Bhí tistiún ar gach óigfhear, dhá phighinn ar gach sean-fhear, leith-phighinn [?] gach óigbhean agus feorling ar gach sean-bhean. Cé mhéid de g[?] saghas duine a bhí ann.
Freagra.
[?]
Ceist.
Bhí beirt bhan ina suidhe ar an mbóthar lá. Chonnaic siad beirt fhear ag teacht chuca. Bhí páiste mic in aoinfheacht gach bean acu agus d'fhiafruighe na páistí cérbh iad na f[?]. Dubhairt na mná, "Sin iad a gcuid aithreachaibh sinne agu[s] a gcuid aithreachaibh sibhse", a gcuid aithreachaibh móra sibhse ag[us] a gcuid fear pósta sinne." Cé'n chaoi a bhféadfadh sé sin a bheith?
(leanann ar an chéad leathanach eile)