Scoil: Maighros

Suíomh:
Maíros, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus de Brún

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Maighros | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 017

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

5. Bhí triúr fear ann fadó, Táilliúr, Gabha agus Gréasuidhe. Lá amháin dubhradar go ngabhaidís amach ag iascach agus chuaidh. Ní raibh siad i bhfad amuigh nuair a d'eirigh gála mór. Tháinig an-fhaitchíos orthú agus dubhairt siad go mba cheart dóibh paidir a radh go dtiubhradh Dia slán abhaile iad.
Dubhairt an Gréasuidhe agus an Táilliúr go raibh a gcuid paidreacha dearmadaí acu fhéin. Dubhairt an Gabh annsin go mb'fhada cheana ó dubhairt sé fhéin aon phaidir acht mar sin fhéin go n-abróchadh sé ceann agus thosuigh sé.
'Ó a Dhia láidir cuidigh linn, níor iarr mé tada cheane ort le seacht mbliadhna agus má chuidigheann tú linn anois ní iarrfaidh mé tada ort go ceann seacht mbliadhna eile.

Bailitheoir
Cáit Ní Dhonnchadha
Inscne
baineann
Seoladh
Maíros, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Seosamh Mac Donnchadha
Inscne
fireann
Seoladh
Maíros, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge