Scoil: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara

Suíomh:
Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Siúracha na Trócaire

Scag na scéalta

Siar
/ 0185 Ar aghaidh
Taifeach: Íseal | Ard
Déantús sa gCeantar

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0049, Leathanach 0075

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Sa t-sean aimsir bhí alán déantúise i nGaillimh agus ba na sean daoine a rinne iad. Rinneadar coinnle, gallumhnach, ciseáin, céachta, geataí, snáth agus alán rudaí eile. Tá cuid mhaith de na deántúisí ag dul ar aghaidh fós. Déantar céachta, geataí agus ciseaín anois acht tá inneall acu chun coinnle agus gallumhnach a dhéanamh.

Tá mé chun cuir síos anois an caoi a dhéanadar snáth. Déanadar na caoirigh a nígh i n-abhainn ar dtús. Nuair a bhí an t-olann tirm deimheasadar le deimheas mór agus rolluigheadar suas é. Thughadar go dtí an mhuileann olna annsin agus rinenadar rollaí beage de. Thughadar abhaile é agus dhéanadar é a tuirneacht leis an túirne. Dhéanadar é a chur le chéile annsin agus bhí sé i snáth. Rinneadar stocaí de agus alán rudaí eile. Bhí alán trioblóid leis acht má bhí, bhí sé go h-an saor agus ní raibh aon snáth le ceannacht acu.
Rinnedar ciséan sa t-sean aimsir agus tá siad ag déanamh anois freisin. Fuaireadar slátha agus bhíodhar ag cur isteach agus amach go

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Úna Ní Mhoráin
Inscne
baineann
Seoladh
Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Parthaláin Ó Mhoráin
Inscne
fireann
Aois
70
Seoladh
Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge