Scoil: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara
- Suíomh:
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Rud luachmar i bfolachAon uair amháin bhí fear in a chomhnuidhe i nGleann Guirt an Airgid. Fear bocht do bhí ann agus bhíodh sé i gcomhnuidhe ag siubhal. Lá amháin chuaidh sé amach ag siubhal agus bhí bátha mór aige. Bhí air dul treasna páirce in a raibh carraigheacha móra. Nuair a bhí sé i lár na páirce chonnaich sé firín beag bídeach. Labhair sé leis go cneasta agus dubhairt "tá póta óir i bhfolach fá chrann in do gháirdín féin". Gabh an fear buidheachas leis agus d'imthigh an fear beag bídeach as a radharc. D'imthigh an fear ag siubhal agus níorbh fhada go dtháinig sé abhaile. Rug sé ar rán agus amach leis go dtí an crann. Thosuigh sé ag tochailt go tapaidh. Níorbh fhada é ag tochailt no go bfacha sé póta mór cruinn. Thóg sé anuas é agus thosuigh sé ghá oscailt. Bhí sé lán de ór agus bhí luach 100,000 púnt ann. Bhí athás mór ar an bhfear agus chuaidh sé go dtí teach a cholceathar. D'innis sé an sgéal dhó ó bhun go fraoigh. Dubhairt an cholceathair gur duine de na Lochlannaibh a chuir i bfolach ann é mílte bliain ó shoin(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Úna Ní Móráin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádhraig Ó Laoghaire
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Gairm bheatha
- Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe