Scoil: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara

Suíomh:
Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Siúracha na Trócaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0049, Leathanach 0023

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0049, Leathanach 0023

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara
  2. XML Leathanach 0023
  3. XML “Scéal Greannmhar”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal Ghreannmhar
    Aon uair amháin bhí fear in a chomhnuidhe i gCo na Gaillimhe. Gobán Saor do bhí mar ainm air. Bhí sé lá ag teacht abhaile tar eis bheith ag toruigheacht oibre. Bhí sé tuirseach, thuit sé in a chodlad agus é ag teacht abhaile. Tháinig na sidhéoga agus do ghoid siad a mhála uaidh. D'fhághadar an mála ar ais arís nuair a dhúisigh sé chuaidh sé abhaile. D'fán sé sa bhaile ar feadh trí nó ceathar de laetheanntaibh agus d'imthigh sé arís go dtí áit in a raibh teach le déanamh. D'iarr sé ar an mháighistear obair a thabhairt dhó. Bhí an mháighistear agus na fir oibre ag dul chun a mbreicfeasta nuair a táinig Gobán. D'fiafruigh sé ar an bhfear céard a bhéadh sé ag déanamh go dtiocfaidís ar ais. Bí ag déanamh cait is dá earball air arsa an máighistear agus é ag mághadh fé. Nuair a tháinig an máighistear ar ais bhí cat cloiche déanta aige agus dá earball déanta air.
    Uair amháin bhí caisleán mór dá déanamh ag duine mór eigin. Do cuireadh fios ar Ghobán agus ar a mhac. D'fhág siad an baile lár na bhárach. Bhíodar ag siubhal an bhóthair ag dul go dtí an áit a raibheadar chun an chaisleáin a dhéanamh. Is gearr do bhíodar ag imteacht
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Innéacs seanscéalta
    AT0875: The Clever Peasant Girl
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Úna Ní Moráin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Pádhraig Ó Laoghaire
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe