Scoil: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara

Suíomh:
Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Siúracha na Trócaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0049, Leathanach 0066

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0049, Leathanach 0066

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara
  2. XML Leathanach 0066
  3. XML “Rud Luachmhar i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Dubhairt sé leis gur bhain an t-ór le na sidheógaibh. D'innis sé dhó gur chuala sé an bhean-sighe ag gol cuplá oidhche roimhe sin. D'innis sé dhó freisin go bfacha sé gandal mór ag siubhail anonn is anall tar an chrann in a raibh an t-ór. Cuplá oidhche roimhe sin freisin dubhairt an colceathair leis go bfacha sé solus mór ar bhárr an chrainn. Thosuigh an fear ag cur alluis le h-eagla agus d'fágh sé an póta ag a cholceathair agus dubhairt sé nach mbhéadh aon rud le déanamh aige leis go mbéadh faíthcíos air roimh na sidheógaibh
    D'imthigh an fear abhaile agus brón mór air. An oidhche sin tháinig fear siubhail isteach do'n dteach. D'iarr sé loistín na h-oidhche ar an bhfear agus dubhairt an fear go dtabharfadh sé an loistín dhó agus fáilte D'innis sé do'n bhfear siubhail i dtaobh an óir. Dubhairt an fear siubhail gurbh é féin a cuir an t-ór i bfholach na céadta blian ó shoin agus nach raibh cead ag an bhfear eile é thabhair[t] leis. Thuit an fear eile i laghar le fáithcíos nuair chuala sé é sin. Chuir sé ruaig ar an bhfear siubhail amach as a theach annsin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1645: The Treasure at Home
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Úna Ní Móráin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Pádhraig Ó Laoghaire
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Gairm bheatha
    Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe