Scoil: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara

Suíomh:
Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Siúracha na Trócaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0049, Leathanach 0036

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0049, Leathanach 0036

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara
  2. XML Leathanach 0036
  3. XML “Scoileanna Cois Claí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá sgoileanna claidhe le feiscint í n-gach áit ar fúaid na h-Éireann thoir, thíar, ó thúaidh, agus ó dheas. Tá sin le rádh ag Cinn Mhara mar in áir ar á nglaodhtar " Cinn Tor Loch" air timcheall trí míle ó Cinn Mhara bhí sgoil cois claidhe ann fadó.
    Is í mbothán bheag á bhí an sgoil. Sé duine darbh ainm dó Donnchadh Ó Bhrían á bghí ag múineadh ins an sgoil claidhe sin. Ba o'n Fhrainnch á tháinig sé. Bhí an muinnteóir ag cur fé í dteach feirmeóra a bhí in aice leis an áit. Bhí áthas ar an bhfeirmeóir bíadh agus leabaidh á thabhairt do'n múinteóir.
    Sé aon pínghin an lá an méid airgid á bhí ar na sgoláirí a d'ioch. Ní raibh cead ag na sgoláirí gaedhealg á labhairt. Ní raibh aon gaedhealg cor ar bith ag an maighistear ach an oiread. Do rinne gach páisde á dhúbhach féin de sméartha dubha. Do ghearradhar á bpinn féin ó cleití gé. Do shuidheadh na páisdí ar stóil agus shuidheadh an maighistear ar an stól árd. Ní rabh aon clár dubh acú. Níor fhan an maighistear ach mí ins an áit.

    Máire Uí Laoghaire
    Cinn Mhara

    Pádhraig Ó Laoghaire (70 bl)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. foirgnimh
          1. scoileanna (~4,094)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Uí Laoghaire
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Pádhraig Ó Laoghaire
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Gairm bheatha
    Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe