Scoil: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara

Suíomh:
Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Siúracha na Trócaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0049, Leathanach 0043

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0049, Leathanach 0043

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara
  2. XML Leathanach 0043
  3. XML “Déantús sa gCeantar”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí a lán déantús ar siubhal timcheall conndae na Gaillimhe fadó. Do deineadh á lán nidhthe i gCinn Mhara atá suidhte i gConndae na Gaillimhe. Seo cuid de na deantúisí á bhí déanta i gCinn Mhara fadó. Coinnlí an t-ainm a bhí ortha.
    Sé an céad rud a fuaireadar ná píosa lín-éadaigh. Fuaireadar saill annsin agus leághdar é ar ghreideal. Dheineadar an píosa lín-éadaigh a thomadh ins an saill agus bhí coinneal ar a dtugadh páideóg déanta acú. D'fhág siad an pháideog súas in áit fúair go raibh sé crúaidh. Bhíodar indhan na coinnlí a dhéanamh cómh reamhar is badh mhaith leó.
    Nuair bhí an pháideóg fúar lasadar é. Ba bhreágh an solus a bhí úaidh an chéad uair ach bhí sé ag leaghadh níos tapúla ná coinnlí an lae indhiú. Siad na páideóga na h-ádhbhair soluis ba mó bhí ag muinntear conndae na Gaillimhe fadó.
    Dheineadar mórán airgid
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Uí Laoghaire
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Pádhraig Ó Laoghaire
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Gairm bheatha
    Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe