Scoil: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara
- Suíomh:
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal greannmharAon úair amháin bhí fear in a chómhnuidhe in Úactar Árd. Oidhche amháin d' fág sé a theac feín agus chúaid sé go dtí baile mór Casadh cuideachta air agus bhí sé ag déanamh spóirt leó í gcaitheamh na h- oidhche.
Núair a bhí sé ag filleadh abhaile bhí sé mall san oidhche agus b' éigin dó dul tar sean roiligh. Núair a bhí sé ag siubhal tart chúala sé guth ag labhairt. "Réithdig m' fhiacal dhom nár réithidheaghadh le seacht mblían. Chúaid an fear isteach sa roilig agus chonnaich sé fear mór agus bhí brat dearg air. "Tar chugam ar seisean" agus cuir do mhéar isteach in mo bhéal agus gheóbhfaidh tú fíacal mór ann. Bain amach é más tig leat. Tháinig eagla an domhain ar an bhfear agus thosuigh sé ag cur allúis leis an sgannradh.
D'osgail an sídheóg a bhéal. Chuir an fea[r] eile a lámh clé isteach in a bhéal agus níorbh fada go bfúair sé greim ar an bhfíacal. Tharraing sé amach é le tairgne. Leig sé sgread as agus go deimhin lasadh súas an sean roilig. Chonnaic sé na céadta daoine ann. Thosuigheadar ag gairidhe agus ag búalad bos. Bhí feadóg ag an bhfear mór(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máighreád Ní Ríogaín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Padhraigh Ó Laoghaire
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Gairm bheatha
- Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe