Scoil: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara
- Suíomh:
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus núair shéid sé í bhí na mairbh imthighthe fé'n dtalamh arís. Dúbhairt an fear mór leis an bfear eile dul in éinfeacht leis agus go dtaisbeánadh sé áit in a raibh na droc daoine in a gcómhnuidhe dhó.
Ní raibh fonn ar an bhfear dul in éinfeacht leis an bhfear mór. Chúaid sé leis agus bhíodar ag imteacht go dtí go dtáinig síad go dtí áit in a raibh toirt mór teine ann. Chonnaich sé na mílte daoine agus íad ceangailte le slabhraidhe í lár na lasrach. Thug sé go dtí brúach locha é agus dúbhairt sé, "sin é an Purgadóir". Dhearc sé síos ann agus chonnaich sé a lán daoine ceangailte de leabhacaibh. Bhí síad ag sgreadadh le teann phíain. Thug sé go dtí macaire mhór é agus thaisbeán sé slúag daoine eile dhó. Dúbhairt sé leis gurbh íad na h- aingle a caitheadh amach as an bhflaitheas. Thug sé go dtí bóthar eile é. Bóthar fada fairsing do bhí ann agus bhí sé chom mín le gloine. Dúbhairt an fear mór leis gurb é sin an bóthar a bhí ag dul go dtí an bflathas.
Dúbhairt sé leis freisin nach raibh cead aige dul ann go bfuigheadh sé bás. Thug sé comhairle maith dó annsin. Dúbhairt sé leis teact go dtí an roilig céadhna seact mblían tar éis(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máighreád Ní Ríogaín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Padhraigh Ó Laoghaire
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Gairm bheatha
- Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe