Scoil: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara

Suíomh:
Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Siúracha na Trócaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0049, Leathanach 0065

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0049, Leathanach 0065

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara
  2. XML Leathanach 0065
  3. XML “Rud Luachmhar i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Rud luachmar i bfolach
    Aon uair amháin bhí fear in a chomhnuidhe i nGleann Guirt an Airgid. Fear bocht do bhí ann agus bhíodh sé i gcomhnuidhe ag siubhal. Lá amháin chuaidh sé amach ag siubhal agus bhí bátha mór aige. Bhí air dul treasna páirce in a raibh carraigheacha móra. Nuair a bhí sé i lár na páirce chonnaich sé firín beag bídeach. Labhair sé leis go cneasta agus dubhairt "tá póta óir i bhfolach fá chrann in do gháirdín féin". Gabh an fear buidheachas leis agus d'imthigh an fear beag bídeach as a radharc. D'imthigh an fear ag siubhal agus níorbh fhada go dtháinig sé abhaile. Rug sé ar rán agus amach leis go dtí an crann. Thosuigh sé ag tochailt go tapaidh. Níorbh fhada é ag tochailt no go bfacha sé póta mór cruinn. Thóg sé anuas é agus thosuigh sé ghá oscailt. Bhí sé lán de ór agus bhí luach 100,000 púnt ann. Bhí athás mór ar an bhfear agus chuaidh sé go dtí teach a cholceathar. D'innis sé an sgéal dhó ó bhun go fraoigh. Dubhairt an cholceathair gur duine de na Lochlannaibh a chuir i bfolach ann é mílte bliain ó shoin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1645: The Treasure at Home
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Úna Ní Móráin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Pádhraig Ó Laoghaire
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Gairm bheatha
    Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe