Scoil: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara

Suíomh:
Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Siúracha na Trócaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0049, Leathanach 0077

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0049, Leathanach 0077

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara
  2. XML Leathanach 0077
  3. XML “Nósanna na nÉan”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl áit ar bith ins an domhan nach bhfuil cuid mhaith d'éanacha ann agus tá alán aca san chonndae seo. Tá an dreóilín, an mheaig, an áinle, an spideóg, an londubh agus an crotach.
    Imtigheann an crotach go dtí na tíortha teo i ndeireadh an t-Samraidh gach bliain. Déanann an dreóilin a néad i dtom bheag nó i mbun - t-sop ins na tighthe. Bhíonn spotaí beaga donn ar na uibheachaibh a bhíonn aice. Stadann sí ins an néad ar feadh trí seachtmhain nó go dtagann na gearrcaigh óga amach.
    Déanann an mheaigh a néad i dtom árd agus bíonn dath bán ar na uibheachaibh agus bíonn spotaí gorma órtha. Déanann an spideóg a néad i bhféar fhada agus bíonn dath gorm ar na uibheacha agus stadann sí trí seachtmhain órtha go dtagann na gearrcaigh amach. Déánann an londubh a néad ins na cladachá agus ins na tomhaibh agus bíonn dath gorm air. Stadann sí trí seachtmhain ar na h-uibheacha go dtagann na gearrcaigh amach.
    Bíonn an crotach ag sgréadadh nuair a bhíonn an bháisteacht ag teacht. Eitileann an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Úna Ní Mhoráin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Parthaláin Ó Mhóráin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    70
    Seoladh
    Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe