Scoil: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara
- Suíomh:
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó bhí a lán fir tréanmhar in Eirinn. Fir a bhí indhan rudaí tréanmhara á dhéanamh. Bhí fir tréanmhar i gConndae na Gaillimhe cómh maith le h-aon chonndae in Éirnn mar an áit ar á dtugtar Cinn Mhara bhí laochra tréanmhar ann.B'é an saghas laochra é á raibh indhan á lán meadhean ana-trom á thógáil as an dtalamh gan aon trioblóid. B'e an t-ainm á bhí air ná "Seán Ó Catháin." Bhí sé in á chómhnuidhe í "bPoll na bFíadh." timcheall ceithre míle ó Cinn Mhara. Bhí an fear sin indhan an mheadhchan sin d'iomchur núair bhí sé sé blíana déag d'aois. Bhí sé indhan búaidh á thabhairt thar aon fear eile san bparóisde.Úair amháin bhí á lán fear ag rith rás í bpáirc. Bhí an laochra sin chun an ráis sin á rith in éinfheacht leó. Bhí an búaidh ag an laochra núair bhí an rás críochnuighthe. Bhí an laochra sin indhan crann á thógáil as an dtalamh d'aon cuireadh amháin. Bhí sé féin agus fear eile ag siubhail tré coillte (?) lá. Tharla go rabhadar ag eirighe tuirseach agus bhí an oidhche ag tuitim. Ní raibh duine ná deóraidhe in á n-aice, ná oiread is teach(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Uí Laoghaire
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádhraig Ó Laoghaire
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Gairm bheatha
- Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe