Scoil: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara

Suíomh:
Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Siúracha na Trócaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0049, Leathanach 0039

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0049, Leathanach 0039

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara
  2. XML Leathanach 0039
  3. XML “Galar nó Plá a Bhí sa gCeantar Fadó”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Is uathbhasach an rud é pláigh. Sa bhlían 1816 bhí pláigh mór í gCinn Mhara. Bhí gorta ana-mhór í gConndae na Gaillimhe an tráth sin, agus as an gorta sin tháinigh pláigh mór á dhein sgrios mór ar na daoine. Seo é an chaoí ar thosuigh sé ar dtúis.
    Ní raibh aon phrátaí ins an dtír nach raibh lobhtha. Núair nach raibh aon phrátaí le n-ithe acú bhíodar ag fághail bháis leis an ocras. Tháinigh pláigh mór as an ocras sin. Bhí an pláigh ag dul ó dhuine go duine go dtí go raibh gach duine ins an gconndae breóite leis. Na daoine nach fúair an galar d'imthigheadar as an gconndae go Sasana acht ar an slighe dóibh fúaireadar bás agus caitheadh amach ar an bhfairrge íad. Daoine eile á bhí breóite leis an bpláigh agus ag fhágail bháis chaitheadh amach ar an bhfairrge íad agus íad beó. B'ionghantach an pláigh é sin. Bhí níos measa í gconndae na Gaillimhe na in aon chonndae eile 'san dtír. Fúair breis is chéad duine bás de. Gach lá ar sráid Cinn Mhara bhí na daoine ag fághail bháis. Dhein na dochtúirí á seacht ndícheall chun na pláighe a chosaint ó scaipeadh thar timcheall an bhaile acht ní raibh aon mhaith ann. Dá n-aimhndheóin bhí an phlaigh ag sgaipeadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. cruatan (~1,565)
        1. plánna agus galair (~104)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Uí Laoghaire
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Laoghaire
    Inscne
    Baineann
    Aois
    50
    Seoladh
    Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe