Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easbuic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sheas sé ag stánuighadh le n-a shúile fanna ar an bhuachaill. Sin mar bhi go maidín agus an buachaill bocht i riocht a gabhail síos trís an leabaidh le neart eagla. Ar maidín tháinig an ceathrar fear dubh isteach agus chuaidh an tais isteach sa chómhnair agus thóg siad leo é. Níor fán an buachaill le n-a bhricfeásta féin. Ba buidhe bocht beannachtach leis a anam a bheith slán leis o oidhche agus cha bheirfeadh an ghaoth air go rabh sé sa bhaile.
Chuaidh an maighistir an lá thar na bhárach agus d'fhástoidh sé buachaill eile agus thug sé ósdas do'n buachaill seo a chuir iongantas air fosta, ach thug sé dhá ghloinne uisce bheatha dó'n bhuachaill seo. Ach ma thug féin níor b'fheárr mar d'éirigh dó. Thuit amach leisean mar thuit leis an chead bhuachaill agus le bánughadh an lae déarfadh an té a tcífeadh é gur an diabhal mór a bhi sa tóir air, ar mhéad as bhi de dheifre(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Éamon Mac Pháidin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Éamon Mac Pháidin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall