Scoil: Lochmuice (uimhir rolla 16556)
- Suíomh:
- Loch Muc, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Áine M. Ní Fhuathaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lochmuice
- XML Leathanach 36
- XML “Pádraig Amaideach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ar an ghleann mhór thiar ar an taoibh i bhfus dis na Gleanntaí agus is é an t-ainm a bhí air Pádraig Amaideach.
Ins an am sin bhíodh na fir ag déanamh póitín ar na cnuic agus a thabhairt suas go h-Árd an Rátha le na díol ann. Bhíodh Pádraig ag iomchur barraillí cúig ghallún suas go h-Árd an Rátha daobhtha ar leath-choróin an barraille agus ndíol annsin. Bhí sé ag dul suas aon lá amháin agus baraille leis an a dhruim. Nuair a bhí sé fá dhá mhíle de h-Árd an Rátha chuaidh sé isteach ar an Ród. Ní raibh sé i bhfad ar bith ar an ród go dtí gur casadh fear uasal dó, agus é ag marcaidheacht ar bheathadhach bhréagh capaill. "Tá ualach mór ort" a deir sé le Pádraig. "Tá" arsa Pádraig "Cad é atá ins an bharraille?" a deir an fear uasal le Pádraig. "Tá maise Póitín" arsa Pádraig. "Cén áit a bhfuil tú ag dul leis?" arsa'n máraidh. "Tá seo baraille a fuair cuid Piléar Árd an Rátha agus chuir siad mise suas leis go teach an Oifigigh in h-Árd an Rátha go bhfágfainn ann é. Mas é do thoil é a dhuine uasail an dtig leat inse dom an bhfuil mé ar an bhealach cheart nó cad é an (bealach) atá agam le dhul ón áit a bhfuil mé go h-Árd an Rátha?" "Thig liom" is mise an t-oifigeach a deir an fear a bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máighread Ní Mheanmain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Liuchmhín, Co. Dhún na nGall