Scoil: Lochmuice (uimhir rolla 16556)

Suíomh:
Loch Muc, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Áine M. Ní Fhuathaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 35

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 35

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Lochmuice
  2. XML Leathanach 35
  3. XML “Madadh Eile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí bustéir ann i bhfad ó shoin agus bhíodh sé ag dul thart ag ceannacht caorach. Bhí madadh leis i gcomhnuidhe agus nuair a bhíodh sé ag siubhal fríd na caoirigh deireadh sé leis an fheirmeoir "sin caoire mhaith annsin agus é ag taisbéant na caorach a b'fhearr dó le na méir. Ní cheannéochaidh sé acht cor ceann.
    Thoisigh an feoirmeoir ag cailleadh a gcuid caorach agus ní raibh fhios acú caidé bhí ag teacht ortha. Sa deireadh chonnaic siad gurab iad na caoirigh a bhí an búistéar ag taisbeant a bhí ag dul ar shiubhal. Oidhche amháin shuidhe siad ag coimhéad na gcaorach go dtí go dtáinig madadh am bhuistéara chuig na caoirigh. Bhí fhios acu gurab é madadh an bhúistéara a bhí ann. Shiubhail sé fríd na caoirigh agus gach an chaoire a dubhairt a mháighistir go raibh an ceann maith thug sé leis í.
    Léan siad an madadh go dtí go dtáinig sé fhad le teach an bhuistéara annsin chuir an madadh na caoirigh isteach i mboitheach. Thug na feirmeoirí an lighe do'n bhuistéar acht dubhairt an buistéar nar ghoid sé caoire ariamh agus nar amharc sé cé mhéad a bhí ins an bhóitheach. Bhí siad ag cailleadh leobhtha gcaoirach sa deireadh thug siad mionna go raibh an madadh ag goid gcaorach. D'orduigh an breitheamh an madadh a chrochadh.
    Cathal Ó Tiomanaidhe, Mín an t-Samhaidhe, Baile na Finne, Leithbhearr a d'innis é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Thiomanaidhe
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Mín an tSamhaidh, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Cathal Ó Tiomanaidhe
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Mín an tSamhaidh, Co. Dhún na nGall