Scoil: Lochmuice (uimhir rolla 16556)
- Suíomh:
- Loch Muc, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Áine M. Ní Fhuathaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lochmuice
- XML Leathanach 95
- XML “Tairngreacht Cholm Cille”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann agus bhí sé sean agus bhí an t-am ag cur an-ghéar leis agus chuaidh sé chuig Colm Cille a ghiarraidh comhairle caidé bh'fearr dó dhéanadh.
Bhí Colm i ndiaidh leabhar na tarngaireacht a sgríobh: Caidé bhí dul agat féin a dhéanadh a deir Colm leis. "Bhí dúl agam oidhche dó chaitheadh in-athan teach," "tá an t-am cruaidh adeir Colm leis agus ba ghairid go níreochadh na daoine tuirseach duit.
Smaoitighim amannaí a ghabhal a chruinniughadh, bhéadh sin onóireach arsa Colm, ach tá tú sean agus ní bheitheá abálta, oiread fhagháil is chongbhóchadh beo tú. Smaoitinn amannaí eile ghabhal a ghadaigheacht. Is beag an éadál an goid arsa Colm leis, ach sul ar fhág an sean-duine an teach bhí leabhar na tairngaracht goidé leis. Bhí sé i bhfad nuair a smaoitigh Colm ar an leabhar agus annsin thosuigh sé dhá chuartughadh.
An chéad teach a dteachaidh Colm isteach ann, teach Olbanaigh. Bhí an leabhar ann agus d'fhiafruigh sé do Cholm caidé a bhéadh sé ghiarraidh ar an leabhar go ceann seachtmhaine(leanann ar an chéad leathanach eile)