Scoil: Lochmuice (uimhir rolla 16556)

Suíomh:
Loch Muc, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Áine M. Ní Fhuathaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 51

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 51

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Lochmuice
  2. XML Leathanach 51
  3. XML “Fir Mhaithe Siúil”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. i bhad ó shoin bhí tighearna talaimh na chomhnuidhe ar na Craucha bhíodh fir amuigh aige ag ceannach eallaigh. Bhí fear amháin dés na ceannuightheoirí seo na chomhnuidhe ar na Grianáin lá amháin chuaidh an bheirt go h-aonach Carraic i gCo. Dún na nGall. An oidhche seo d'fhan siad thuas ins an teach loisdín ar ngnathach leo fanacht. Dubhairt bean an tuigh go raibh na seomraí uilig togtha suas ag daoine uaisle eile a bhí sa teach. Dubhairt an tighearna go bhfuigheadh siad áit eigean istuigh.
    Chuaidh siad suas staighre agus fuair siad áit. D'ordaigh siad deoch uisge beatha, fuair siad sinbhí an soitheach na shuidh ar an tábla in a raibh an dighe, acht trusgladh leag duine acu an soitheach agus dortuigheadh an fíón. Chuaidh sé síos fríd an urlár agus thuit sé isteach ins an áit a raibh an chuid eile dé's na daoine usile ag feastaidheadh. Nuair a chonnaic siad gurbh le olcas a rinne siad seo. Ní dhearna fear acu acht breith ar a chlaidheamh agus an tighearna a mharbhrú. D'éirigh an scéal amach agus beireadh air an fhear a bhí na chuideachta agus cuireadh i bpriosún é. Ba ghnáthach le na mnaoi na Grianán afhághail agus lón ar a druim a ghabháil treasna na gcnoc go Carraic agus arais roimh luighe gréine an lá céadhna le na cuid eallaigh a bhligheann. In a dhiaidh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Conall Ó Gallcobhair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Dearachán Beag, Co. Dhún na nGall