Scoil: Lochmuice (uimhir rolla 16556)
- Suíomh:
- Loch Muc, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Áine M. Ní Fhuathaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lochmuice
- XML Leathanach 63
- XML “Scéal”
- XML “I dtaobh na hAimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí fear ann fad ó shoin dárbh ainm do Páid.”
(ar lean ón leathanach roimhe)"A chaith síos mise nó beidh deireadh leis." Chaith sé síos é, briseadh a mhuineál. Tháinig Páid 'na bhaile agus bhí dóigh bhréagh air ó shoin amach.Sibhan Ní Thiomanaidhe do sgríóbh é. Pádruig Mac Daibhid a d'innis domh é. Mín an Arbhair. Mairghead Mac Daidbhaid a fuair sé uaidh.- An Cat: Nuair a bhíos an cat na shuidhe cois na teineadh agus é ag nigheadh a aghaidh, sin comhartha go bhfuil an doinean comhgarach. Comhartha gaoithe móire, an cat a bheith ag sgriobadh clarthaí agus comhartha sneachta é bheith na shuidhe agus a thomhain le teinidh.An Madadh: Comhartha aimsire olca an madadh a fheiceáil ag ithe féir.Na Cearca: Comhartha fearthna na cearca a fheiceáil cruinn i gcnap amháin agus iad ag piceadh a gcuid cluimhrigh.Na Caoraí: Comhartha aimsire olca na caoraí bheith ag ísleadh ar na cnuic agus comhartha aimsire maithe iad a fheiceáil ag ardughadh.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mícheál Mac Daibhíd
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín an Arbhair, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Liam Mac Daibhíd
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín an Arbhair, Co. Dhún na nGall