Scoil: Lochmuice (uimhir rolla 16556)
- Suíomh:
- Loch Muc, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Áine M. Ní Fhuathaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lochmuice
- XML Leathanach 70
- XML “Coinnleoirí”
- XML “Dathú”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 11-2-'38Sé an cineál soluis a bhíodh acu roimhe seo ná sifíní luathara. Téitheadh siad amach roimhe gabhail ó sholus dó ag tarraingt sifíní. Théimheadh siad isteach annsin agus bhainfeadh siad an craiceann de'n na sifíní agus tiormughadh go maith leis an teinidh iad. Gheobhaí im annsin gan salainn agus tharraingí na sifíní fríd an im nuair a bhéadh sé léithe.
Shiocfadh an t-im annsin ar na sifíní agus bhí siad réidh le lasadh, choinnóchaidh ar a taobh é fhad is bhéadh sé lasta, nó dá gcoinnóchaidh suas a ceann agus é lasta rachadh sé as. Ba é sin an cineál a bhíodh acu nuair a bhéadh duine ag faghail bháis, ach coineall Mhuire amháin.Séamus Ó Cuinn a sgríobh é. Loch Muice. Mo athair a d'innis damh é. - Nuair a bhíodh an t-eadach deanta ata _________ cuireadh siad dath ar air iad fhéin sa bhaile. Is é an dath a chuireadh siad air, dath donn le "crótal" nuair a bhruitheadh siad an éadach é. Corr uair measgadh siad fraoch leis an chrotal le dath measgaidh a chur. Chuireadh siad dath glas fosta nuair a bhruitheadh é leis an éadach(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Míceál Mac Daid
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín an Arbhair, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Líam Mac Daid
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín an Arbhair, Co. Dhún na nGall