Scoil: Lochmuice (uimhir rolla 16556)
- Suíomh:
- Loch Muc, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Áine M. Ní Fhuathaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lochmuice
- XML Leathanach 4
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí bean ann i bhfad ó shoin agus fuair a fear bás.”
Gráinne Ní Chuinn (12 bl. d'aois) a fuair an sgéal seo ó na h-athair - Séamus Ó Cuinn, Lochmuice (60 bl.). Fuair sé ó Pheadar h-Éagán é. Sean-fhear a bhí ann go raibh comhnuidhe air i nGleann na mBuachaill, agus fuair sé an sgéal uaidh 10 mblian ó shoin.Bhí bean ann i bhfad ó shoin agus fuair a fear bás. Dubhairt sí nach n-íosfadh sí aon ghreim agus nach stadfadh sí ag caoineadh go bhfuigheadh sí bás agus go gcuirfadhe í san uaigh céadhna le na fear. Bhí dlighe ann an uair sin, agus duine ar bith a dhéanadh gníomh, crochtaoi é ins an roilig agus bhíodh fear eile dá choimhéad ar eagla go ngoideadh duine ar bith é. Acht lá amháin bhí fear crochta ins an roilig agus bhí fear eile dá choimhéad.
Mhothuigh an fear seo an caoineadh, chuaidh sé fhad leis an mhnaoi, agus chuir sé ceist uirre cé'n fáth go raibh sí ag caoineadh. Dubhairt sí go bhfuair a fear bás, agus nach n-íosfadh sí aon ghrim, agus nach stadfadh sí ag caoineadh go dtí go bhfuigheadh sí fhéin bás agus go gcuirfidhe í san uaigh céadna le na fear.
"Acht, a amaidigh," ar seisean léithe, "Cé'n fáth go ndeireann tú sin? Stop den chaoineadh agus seo chugat an píopa agus bíódh toit agat. Pósfar thusa agus mise nuair a chuirtear an fear seo." Thóg sí na clocha agus rith sí in a dhiaidh gá gcaitheadh air. D'imthigh sé leis go dtí an roilig airís. Ní raibh sé i bhfad ann gur stad an caoineadh agus tháinig an bhean chuige, agus dubahirt sí leis má bhí sé fuar a dhul léithe go dtí an teine go dtí go mbéadh sé te.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gráinne Ní Chuinn
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Loch Muc, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Chuinn
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Loch Muc, Co. Dhún na nGall