Scoil: Lochmuice (uimhir rolla 16556)
- Suíomh:
- Loch Muc, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Áine M. Ní Fhuathaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lochmuice
- XML Leathanach 68
- XML “Scéal - Oileán Loch Finne”
- XML “Scoileanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá croc óir sincéalta ag bun crainn ar an taobh ó thuaidh de Oileán Loch-Finne. Tá minseach ghabhair de coimhéad agus codluigheann sí ar an cheann thiar de Loch-Finne i dtum seisg san oidhche.
Tig an gabhar seo uair amháin gach lá go bhfeicfidh sí an bhfuil an croc ann agus tá fear de chlun t-Suibhne le cailleadh leis d'á chuartadh, sul a bhfaigh an nduine é.- Bailitheoir
- Séamus Ó Cuinn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Loch Muc, Co. Dhún na nGall
- 8-2-'38
Bhí sgoil i Meenatamhaí thíos faoi chlaidhe an bhealaigh-mhóír, fá thuairim céad péirse ón sgoil seo. Sé an maighistir a bhí air an sgoil, Micheál mac a Bhaird as'an Árd-Donn, agus bhí sé na chomhnuidhe i dtoighe Chonaill Mac Suibhne i Loch-Muc. Sé an méid a bhí sé a dhíol sa t-seachtmhain ar shon a chuid agus a lóistín, ná dhá sgilling, agus gheibheadh sé pingin sa t-seachtmhain ó gach duine de na sgoláirí.