Scoil: Lochmuice (uimhir rolla 16556)
- Suíomh:
- Loch Muc, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Áine M. Ní Fhuathaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lochmuice
- XML Leathanach 86
- XML “Scéalta - Éanacha a Raibh Baint ag Íosa nó na Naoimh leo”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a bhí íosa curtha bhí dhá shaighdiúr a choimhead ar eagla go n-éireochadh sé agus dubhairt siad nach n-éireochadh sé go n-éireochadh an coileach a bhí sa phóta ar goil agus go ndéanfadh sé trí sgairt ar shlat an phóta.
D'éirigh an coileach agus é ar goil agus leig sé trí sgairt ar shlat an phóta agus dubhairt sé "Tá Mac Dé beo go fóill." "Tá sé ar shiubhal" ar siad-san agus bhí an uaigh follamh.
Bhí Íosa ag gabhail i bhfolach annsin agus thoisigh an dreolán ag baint an t-sap de agus an speideog a chur arais air. Chuir Íosa a mhallacht ar an dreolan an lá sin agus a bheannacht ar an sepideog agus sin an t-adhbhar a bhfuil fuath ag gach aon duine ar an dreolan.
"Tá Mac Dé beo go fóill" a deir an coileach ó'n lá sin ó shoin.Eoin Ó Cuinn a d'innis do Phádraig Mac Daid é.Eoin Ó Cuinn, Dearchan, Bail na Finne, Leithbhearr.- Bailitheoir
- Pádraig Mac Daid
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Eóin Ó Cuinn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Dearachán Beag, Co. Dhún na nGall