Scoil: Lochmuice (uimhir rolla 16556)

Suíomh:
Loch Muc, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Áine M. Ní Fhuathaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 53

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 53

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Lochmuice
  2. XML Leathanach 53
  3. XML “Dónall Ó Conaill”
  4. XML “An tAthair Mac Páidín”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 22-11-'37
    Nuair a bhí Domhnall ó Conaill astuigh ins an choláiste lá amháiin dubhairt sé go rabh a ceann tinn agus fuair sé cead a bhairéad a chaitheamh.
    An dara lá bhí a cheann níos measa agus fuair sé céad a bhairéad a chaitheamh, agus an tríomhadh lá bhí a cheann níos measa agus fuair sé cead a bhairéad a chaitheamh.
    An ceathramhadh lá cuir sé fhéiin a bhairéad air agus dubhairt sé leobhtha, rud ar bith a rachadh trí uair sa choláiste bhí sé ceart agus chaith sé a bhairéad ó shin amach.
    Séamus Ó Cuinn, Loch-Muc a sgríobh é.
    Micheál Mac Fhlionn a d'innis é. Mínte Morgal, Baile na Finne. (Tá sé marbh ó shoin).
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
        1. Dónall Ó Conaill (~175)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Ó Cuinn
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Loch Muc, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Micheál Mac Fhlionn
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Mínte Murgail, Co. Dhún na nGall
  2. Bhí an t-Athair Mac Páidín i Gaoth Dobhair tamall ó shoin. Dubhairt sé le na daoine gan cíos ar bith a dhíol. Tháinig an tighearna talaimh agus chuir sé as a gcuid toighthe iad. Nuair a tháinig na saighdiúirí agus a gcuid capall bhí cró-iarainn aca fá choinne toighthe a leagadh. Leag siad na toighthe uilig. Fuair an tighearna
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.