Scoil: Lochmuice (uimhir rolla 16556)

Suíomh:
Loch Muc, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Áine M. Ní Fhuathaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 108

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 108

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Lochmuice
  2. XML Leathanach 108
  3. XML “Na Tiarnaí Talaimh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí tighearnaí talaimh annseo i bhfad ó shoin agus bhí cuid acu iongantach géar ar na daoine. Hamilton a bhí ins an áit seo agus (Wilson) a bhí i gCnocleitreach agus bhí sé iongantach géar.
    Bhí Wilson ag gabhal isteach ins na toighthe agus ag tabhairt leis na rudaí a b'fhearr a bhí ionnta, ach bheireadh na daoine na doirse agus na rudaí a b'fhearr a bhíódh acu suas go mullach cnuic agus bhéadh an tighearna talaimh ábalta iad fagháil.
    Bhí an tighearna talaimh a bhí ar na Gleanntaí ag brath daoine eiginteacht a chur amach as a gcuid talamh ach chuaidh na daoine siar na nGleanntach agus ní leigfeadh na daoine na Gardaí iad a chur amach as an teach. Bhí an olc ag na daoine do na tighearnaí talaimh nó bhíodh an cíos an trom agus mur ndíolfadh na daoine é chuiridh amach as a gcuid toighthe iad. Bhíodh na daoine ag marbhughadh na gcearc fraoich ar na tighearnaí talaimh.
    S. Ó Cuinn, Lochmuc, Baile na Finne, Leithbhearr.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. riaradh talún (~4,110)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    S. O Cuinn
    Seoladh
    Loch Muc, Co. Dhún na nGall