Scoil: Lochmuice (uimhir rolla 16556)

Suíomh:
Loch Muc, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Áine M. Ní Fhuathaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 31

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 31

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Lochmuice
  2. XML Leathanach 31
  3. XML “Trí Achainí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear agus bean ann i bhfad ó shoin agus nuair a tháinig oidhche Nodlaig rinne siad amach go mbéadh féasta acu agus mharbhughadh siad caora. An oidhche seo rinne siad bróth agus nuair bhí sé déanta b'éigin dóibh leigint dó go bhfuighead sé fuair. Ba é an fear an píobaire a b'fhearr in Éirinn. Chuaidh sé amach agus na píobaí leis agus thosuigh sé ag sinnstin ortha. Nuair a bhí sé ag seinm tamall tháinig sgaifte de na daoine beaga air agus d'iompar siad leobhtha go Mín Aola é le seinm a dhéanamh daoibhthe. An fad is abhí sé ag seinm bhí na daoine beaga ag damhsa thart fá'n fhéar. Annsin nuair a bhí siad tuirseach ag damhsa chuir siad faoi chapall é agus d'fhág siad é san áit ar thug siad leo é. Nuair a chuaidh sé isteach, "Nach fada bhí tú amuigh," arsa an bhean leis. "Maise," ar seisean, "shíl mé go raibh mé amuigh cúpla oidhche, nó bhí mé ag seinm do na sidheógaí i Mín Aola agus ghnóthuigh mé níos mó air nó am ar bith eile nó fuair mé trí athchuige ó na daoine beaga. "Déarfaidh tú ceann acu sin dimhsa," arsa an bhean, agus i ndiaidh tamailt d'aontuigh sé go dtabharfadh. Bhí sí ag fuaradh an bróth agus tháinig cuid de ar a láimh. "Mo chreach," ar sise, "na bhfuil ladar agam, agus annsin tháinig ladar isteach ina dhorn. Nuair a tháinig an fear chomh simplidhe
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0750A: The Wishes
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Conall Ó Gallobhair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Dearachán Beag, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Conall Ó Gallobhair
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Dearachán Beag, Co. Dhún na nGall