Scoil: Lochmuice (uimhir rolla 16556)
- Suíomh:
- Loch Muc, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Áine M. Ní Fhuathaigh

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 29
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lochmuice
- XML Leathanach 29
- XML “Péist sa Loch”
- XML “Bealach an Bhracháin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Chonacthas i bhfad ó shoin peist san loch thíos ó'n sgoil seo - Loch Muice. Deir Conal Mac Suibhne gur chuala sé a athair a radh go bhfaca sé go minic é agus é óg. Níor facthas anois é suas le tríocha blian acht fá'n am sin chonnaic a lán daoine é agus bhí ionrádh mór ag duk thart fá dtaobh de. Druim ag éirghe os cionn an uisge - é an-mhór, an-dubh, gan ceann nó iorball air, cosamhail le eascon acht i bhfad ní ba mhó. Tá breac go flúirseach san áit anois.Conal Mac Suibhne, Loch Muice a thug an t-eolas sin damh.
- Bailitheoir
- Áine M. Ní Fhuathaigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Cathal Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Loch Muc, Co. Dhún na nGall
- Déanadh é timcheall 50 bliadhain ó shoin. An Sagart Mac Aoidh a fuair déanta é mar aithghiorra do mhuinntir Mín a' Chait, Mín a' Líneachain, agus Bealach na gCruach isteach ag an Teach Phobail i mBaile na Finne. Ní raibh teach phobail ar bith ar an Éadan fá'n am.
Bheireadh sé céad míne buidhe in áit airgid in aghaidh na seachtmhaine don bhunadh bhí ag obair ann, sin mar fuair sé a ainm.
Bhí bealach cairt ann an uair sin agus bhí go dtí an bhliadhan gur tháinig an Tuile Mhór 1908 nó 1910. Tugadh ar shiubhal an dá dhroichead; níor cóiriughadh an bealach ó shoin.Pádraig Ó Cuinn Loch Muice a d'innis. Bhí sé ag obair ann an t-am go raibh an bealach a dhéanamh.