Scoil: Lochmuice (uimhir rolla 16556)

Suíomh:
Loch Muc, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Áine M. Ní Fhuathaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 1

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 1

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Lochmuice
  2. XML Leathanach 1
  3. XML “Scéal - An Bhean Fhalsa”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fuaireas an sgéal ó Maighréad Ní Chuinn, Loch Muice, Baile na Finne, í timcheall 60 bl. d'aois; tóigeadh i Loch Muice í, agus chaith sí a saoghal ar fad annseo; í ag coimhead an toighe dá dhearbhráthair atá pósta ann. Chuala sí an sgéal ó Pheadar Ó Cuinn, timcheall 50 bl. ó soin; bhí sé fá'n tráth sin. Bhí comhnuidhe air i mBaile na Finne acht chaith sé tamall fada ar an fhairrge in a mháirnealach. 23-7-34
    Fear a bhí ann i bhfad ó shoin a rabh triúr ingean aige. Bhí an duine a b'óige an-dóigheamhail acht ní dhéanfadh sí dadaí bhí sí comh fallsa sin. D'éirigh a h-athair chomh tuirseach dithe gur chuir sé scéala amach go dtibhradh sé céad punt de chruach dithe. Tháinig fear annsin agus phós sé í agus thug sé leis í.
    Bhí trí madadh leis agus ar a mbealach 'na bhaile, d'éirigh girrfhiadh agus leig sé ar shiubhal an chéad mhadadh in a dhiaidh. Sgairt sé arais air acht ní tháinig sé. Nuair a tháinig sé sgaoil sé leis agus mharbhuigh sé é. Chuaidh siad giota eile annsin agus d'éirigh coiní˜agus chuir sé an dara madadh ann, agus nuair nár tháinig sé arais nuair d'iarr sé air mharbhuigh sé é. Indiaidh giota eile a shiubhal leig sé amach an tríomhadh madadh indiaidh madadidh ruaidh agus mharbhuigh sé é fósta nuair nár tháinig sé arais.
    D'fhiafruigh sí annsin de goidé an t-adhbhar a bhí aige leis na madraí uilig a mharbhughadh. Ní thearn siad an rud a d'iarr mé ortha," ar's sé. "Duine ar bith nach ndeanas mar a iarras mé air, sin é an rud a dhéanas mé leis, é a mharbhughadh." Chuaidh siad 'na bhaile annsin agus chuaidh siad a luighe, agus ní bhfuair sí suipéar ar bith. D'fhiafruigh sise de am eicínt roimh an lá, an raibh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0901: Taming of the Shrew
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine M. Ní Fhuathaigh
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Maighréad Ní Chuinn
    Inscne
    Baineann
    Aois
    c. 60
    Seoladh
    Loch Muc, Co. Dhún na nGall